Ráiteas Físe na Scoile
Is í an Ghaeilge príomhtheanga na scoile seo.
Is Gaelscoil idirchreidmheach í ina cothaítear meas agus tuiscint ar an dá phríomh chreideamh na tíre seo; Caitliceachas agus Protastúnachas agus na traidisiúin a bhaineann leo.
Pearsantacht iomlán an pháiste a fhorbairt agus a threorú i dtreo an chirt agus na tuisceana i dtimpeallacht foghlamtha dearfach, taitneamhach oscailte. Glactar go hómósach leis an bpáiste mar atá sé; oiltear, múintear agus treoraítear é.
Cuirtear leas an pháiste aonair chun tosaigh i gcónaí agus is i gcuideachta a thuismitheoirí a thugaimid faoina oiliúint agus faoina oideachas. Dírítear ar na buanna atá ag an bpáiste a fhorbairt chomh fada agus is féidir.
Leagtar béim ar obair thairbheach, leanúnach. Tugtar faoi dhea-scileanna sóisialta, caighdeán ard moráltachta agus réimse leathan de scileanna acadúla, praiticiúla agus caithimh aimsire a mhúineadh dó trí mheán na Gaeilge
Déantar iarracht cumas labhartha agus scríofa na teanga Gaeilge a thabhairt don pháiste go nádúrtha ionas go mbeidh sé ábalta é féin agus gach is spéis leis a chur in iúl go héifeachtach.
Dírítear ar na bunscileanna; éisteacht, labhairt, léamh agus scríobh a thabhairt dó / di sa Bhéarla agus beospéis a mhúscailt agus meabhair a thabhairt dó / di ar bhun struchtúr na matamaitice. Tá súil againn go n-éireoidh linn suim agus fiosracht a mhúscailt ann san eolas, deis a fhorbartha a thabhairt dó sa chorpoiliúint agus spéis agus suim a chothú ann sna healaíona éagsúla. Is de réir an churaclaim na bunscoile a dhéantar iarracht na h-aidhmeanna seo a bhaint amach ach tugtar tús áite don Ghaeilge i gcónaí agus de shíor.